Aedín Ní Thiarnaigh: 48 uair an chloig dochreidte in Acaill
‘Ní oileán ceart é Oileán Acla ach ní bhaineann sin den áilleacht ná de na hiontais atá le fáil ann’
Amuigh faoin aer: Aedín réidh don tsnámh ar thrá an Chaoil
Bhí an t-ádh dearg liom an tseachtain seo an deis a fháil chun cuairt a thabhairt ar oileán aoibhinn eile – Oileán Acla i Maigh Eo.
Táthar ann a deir nach oileán ceart í Acaill óir go bhfuil droichead Michael Davitt á nascadh leis an mórthír ó 1887 i leith, agus caithfidh mé a rá go n-aontaím leo. Mura bhfuil saol na háite faoi shrian ag amchlár báid farantóireachta, ní fíor-oileán atá ann, dar liom, ach ní hionann sin agus a rá nach bhféadfadh leis na háiteanna seo a bheith iontach deas!
Murar féidir oileán ceart a thabhairt ar Acaill, tá sí iargúlta go maith mar sin féin. Thóg sé breis agus dhá uair an chloig orm an t-oileán a bhaint amach agus mé ag tiomáint ó Ros an Mhíl, ach má bhí sé fada go leor mar thuras, b’álainn é!
Read more
Ní raibh deifir ar bith orm lá an turais agus toisc nár thiomáin mé an bealach sin roimhe, ghlac mé go réidh é agus bhain mé barr taitnimh as bheith ag tiomáint ar chuid de na bóithre is fearr in Éirinn ó thaobh radharcanna de.
Ón Teach Dóite ar aghaidh bhí mé faoi gheasa ag gach cor agus casadh sa bhóthar; an tírdhreach fiáin ag Sléibhte Mhám Toirc agus an Caoláire Rua, ar aghaidh trí bhailte bríomhara Chathair na Mart, Bhaile Uí Fhiacháin agus na Mala Raithní.
Bhain mé Gob an Choire amach faoi dheireadh agus ar aghaidh liom níos faide siar go dtí an Caol, áit ar fhan mé i dteach soghluaiste le cara liom, óna raibh ceann de na radharcanna ab fhearr san oileán!
Níor thuig mé go dtí go raibh mé ann cé chomh mór is atá Acaill. Tá roinnt mhaith sráidbhailte scaipthe timpeall ar an oileán agus bheadh seachtain uait chun cuairt a thabhairt orthu go léir agus na nithe spéise iontu a fhiosrú. Ní raibh agamsa ach 48 uair an chloig san oileán, agus níor éirigh liom mar sin ach blaisín den oileán a fháil i ndáiríre – ach ba bhlasta é an blaisín féin!
Ag caint ar bhlasta – ní mór dom an t-oileán ar fad a mholadh as ucht na mbialann agus na gcaiféanna ar ardchaighdeán sa cheantar. Chuir an rogha mhór áiteanna iontas na gile orm, agus gach aon cheann acu chomh blasta lena chéile ba chosúil!
Thug mé tús áite don bhia mara i gcaitheamh mo thurais den chuid is mó, agus cáil ar Acaill as úire na n-iasc a bhíonn ar fáil ann.
Bhí béile breá diúilicíní agam san Amethyst Bar sa Chaol agus ceapaire fíorbhlasta cloicheán agam in Ted’s sa Chaiseal, a mbeidh mé ag cuimhneamh orthu ar feadh i bhfad. Ba iomaí caifé timpeall na háite a raibh ábhair dheasa mhilse le fáil iontu freisin agus a mholfainn go hard amhail an Beehive sa Chaol agus Achill Island Kitchen i nDumha Acha.
An béile ba bhlasta ar fad a bhí agam, b’fhéidir, ná an píotsa galánta a fuair mé ó An Currach ar a raibh mozzarella, pepperoni, halaipéinneo agus oinniún caramalaithe. Tá uisce le mo chár ag cuimhneamh air!
Aedín in Acaill, tá neart bealaí siúil ar an oileán ar fiú go mór tabhairt fúthu.
Agus an oiread sin rudaí deasa ann le hithe, is maith go bhfuil neart gníomhaíochtaí le déanamh in Acaill a thabharfadh goile do dhuine.
Téann Glasbhealach Mór an Iarthair chomh fada le Caiseal anois agus is féidir rothar a fháil ar cíos chun lá a chaitheamh ag baint súp as na radharcanna deasa uaidh sin. Ní raibh deis agamsa é sin a dhéanamh an uair seo, ach bhain mé an-taitneamh as cuid den bhealach agus na bóithríní máguaird a shiúl.
Tá neart bealaí siúil ar an oileán ar fiú go mór tabhairt fúthu amhail Slí Ghráinne Mhaol, lúbshiúlóid seacht gciliméadar ina mbíonn radharc iontach amach ar ríocht an bhanfhoghlaí mara.
Is maith liomsa dul ag rith nuair a bhím in áit éigin nua, más féidir liom, agus chuige sin bheartaigh mise ar lúb eile a roghnú nach mbeadh chomh garbh faoi na cosa. Siar liom mar sin ón gCaol go Dumha Acha, áit ar thug mé faoin lúb phortaigh ar imeall an bhaile. Bhí sruthán ag ceol le mo thaobh cuid mhaith den bhealach agus caoraigh ghleoite bhrocacha mar chuideachta agam don rud ar fad.
Ba iomaí liú áthais ar lig mé asam le linn an reatha freisin nuair a d’fheicinn bláth speisialta portaigh amhail cailís Mhuire, sciollam na móna agus dar ndóigh, na ceannbháin bhána!
An chuid ab fhearr ar fad de mo thuras b’fhéidir ná an snámh a rinne mé ar thrá gheal an Chaoil luath mhaidin Shathairn. B’fhada ó bhain mé an oiread sin spraoi as a bheith san uisce agus mé ag léim thar na tonnta móra gléigeala mar a bheadh páiste óg ionam an athuair!
Ní raibh an t-uisce rófhuar go fiú agus é téite beagán ag an ngaineamh is dócha, agus chaith mé tamall fada ag princeam san fharraige gan cíos, cás ná cathú orm.
A leithéid de shaoire ní raibh agam le fada. A Acaill, a chara, molaim thú go hard!
Join the Irish Independent WhatsApp channel
Stay up to date with all the latest news