Míorúilt eolaíochta i lár Chonamara

Is stáisiún taighde atmaisféir é Ceann Mhása atá lonnaithe díreach taobh amuigh de Charna

Taighde tábhachtach: An stáisiún atmaisféir ag Ceann Mhása

Dr Liz Coleman

I gcroílár Chonamara, tá obair eolaíochta den chéad scoth ar bun chun scéal ár n-aeráide a insint, agus an t-athrú a tháinig air le himeacht aimsire.

Is stáisiún taighde atmaisféir é Ceann Mhása atá lonnaithe díreach taobh amuigh de Charna, ar cheann tíre creagach san áit a dtagann an tAtlantach fairsing, corraithe agus iarthar na hEorpa le chéile.

Mar gheall ar shuíomh ar leith an stáisiúin, bíonn taighdeoirí in ann aer gan mhilleadh a thagann go dtí an Eoraip ón Atlantach thoir thuaidh a shampláil, rud a thugann léargas ar na próisis nádúrtha a théann i bhfeidhm ar an atmaisféar nuair nach mbíonn tionchar ag truailliú an chine dhaonna air.

Carna

Ba é Tom O’Connor as Cill Dara ó dhúchas ceannródaí shaotharlann Cheann Mása. Rinne sé staidéar ar an bhfisic sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) sna 1940idí, agus ansin lean sé lena chuid oibre ar an ngeoifisic in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, sular ghlac sé le post i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh in 1956.

Bhí spéis ag Tom i staidéar na néalchruthaíochta agus i dtomhas Núicléas Comhdhlúthaithe, cáithníní beaga bídeacha a fheidhmíonn mar “shíolta néalta”. I samhradh na bliana 1957, chroch Tom leis a rothar agus chuaigh sé ar camchuairt timpeall ar chósta Chonamara chun an suíomh samplála is fearr dá raibh ann a aimsiú ina bhféadfaí staidéar a dhéanamh ar an néalchruthaíocht in aer úr na mara.

Tháinig sé ar Cheann Mhása, leithinis iargúlta carraigeach siar ó Charna ina raibh post faire tréigthe ón Dara Cogadh Domhanda, áit a raibh foscadh agus leictreachas le fáil agus Tom ag tabhairt faoina chuid tomhas.

D’fhás an stáisiún ón tús simplí sin agus is saotharlann atmaisféir den chéad scoth é anois, a aithnítear go hidirnáisiúnta mar shuíomh straitéiseach ríthábhachtach chun faisnéis a chur ar fáil ar leibhéil bhonnlíne an truaillithe sa leathsféar thuaidh.

Ceann Mása

Chabhraigh sonraí a bailíodh ó Cheann Mása le thaispeáint, mar shampla, gur tháinig laghdú 80% ar thruailliú sulfair san atmaisféar (atá ar cheann de na príomh-chomhpháirteanna atmaisféaracha is cúis le báisteach aigéadach), laghdú a tharla a bhuíochas do chur i bhfeidhm beartais idirnáisiúnta trasteorann faoin aerthruailliú.

Cuireann Ceann Mhása sonraí ar fáil freisin don Ard-Turgnamh Gás Atmaisféarach Domhanda (AGAGE), a léirigh go bhfuil tiús na gceimiceán a ídíonn ózón tar éis teacht ar leibhéal seasta agus laghdú fiú, rud a chruthaigh deis athshlánaithe don chiseal ózóin.

Tá sraith uirlisí sofaisticiúla sa stáisiún taighde, ina measc braiteoirí in situ ar leibhéal na talún, trealamh cianbhraiteachta agus samhlacha ríomhaire is féidir a úsáid chun méid, cineál agus fiú foinse an truaillithe in Éirinn a shainaithint, a nochtann scéal an aeir a thagann go Ceann Mhása – cé as dó, cén truailliú a bhain dó ar na mbealach agus ar tháinig an truailliú sin ó astaíochtaí feithiclí, ó dhó breosla sholadaigh nó ó fhoinsí nádúrtha.

Tús simplí: An Dr Tom O’Connor ag an stáisiún úr in 1958

Tá tacair sonraí fhadtéarmacha a eascraíonn as na blianta de thomhas agus anailís i gCeann Mhása mar bhonn faoinár dtuiscint ar an aer, an chaoi a bhfuil an t-atmaisféar ag athrú, agus chomh maith agus atá ag éirí linn bearta a chur i bhfeidhm chun aerthruailliú a theorannú lenár sláinte a chosaint, chomh maith le sláinte ár n-éiceachóras agus na haeráide.

Bíonn an domhan ag athrú go síoraí seasta, agus caithfidh muid leanúint orainn i mbun monatóireacht ar an aer chun coinneáil suas leis na truailleáin atá ag teacht chun cinn agus a chruthaíonn bagairtí dúinn (cáithníní sármhíne, nana-ábhair, truailleáin orgánacha bhuanmharthanacha), agus sin é an fáth a bhfuil monatóireacht leanúnach ar an atmaisféar ag suíomhanna straitéiseacha ar nós Cheann Mása chomh tábhachtach sin.

Go dtí go mbeidh tuiscint iomlán againn ar chomhdhéanamh an atmaisféir atá ag athrú, ní bheidh muid in ann réitigh a chruthú chun athruithe éifeachtacha a bhaint amach a chosnóidh ár n-aer amach anseo.

Is Ollamh Cúnta i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha in Ollscoil na Gaillimhe í an Dr Liz Coleman, a dhíríonn ar shamhaltú aeráide agus tuar chaighdeán an aeir.