€4.55 milliún le Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair a uasghrádú
Bunaíodh an Pháirc Ghnó, nó Eastát Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair mar a tugadh uirthi i dtús ama, in 1966
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar an Screabán.
Déanfar uasghrádú suntasach €4.55 milliún ar an Pháirc Ghnó agus fiontraíochta is mó sa Ghaeltacht, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair i nDún na nGall.
D’fhógair Údarás na Gaeltachta ar an tseachtain seo caite go gcuirfear tús leis an obair uasghrádaithe ar infrastruchtúr na Páirce ag tús 2026.
Tá an Pháirc Ghnó lonnaithe ar shuíomh de bheagnach 80 acra i gceantar an Screabáin i nGaoth Dobhair agus tá 728 duine fostaithe ann san am i láthair.
Táthar le hobair athchóirithe iomlán a dhéanamh ar na bealtaí móra sa Pháirc Ghnó, le dromchlaí úra, línte agus comharthaíocht úr a chur in airde.
Beidh uasghrádú le déanamh ar na cosáin siúil, ar shoilse agus ar an chóras draenála atá ann. Leagfar líonra úr de phíopaí uisce, 4km ar fad, le huasghrádú a dhéanamh ar an tsoláthar uisce ar an láthair.
Thug Micheal Mac Giolla Easbuig, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall, le fios go gcuideoidh an infheistíocht chaipitil seo leis an Pháirc Ghnó “a chur in oiriúint do riachtanais na linne seo agus an ama atá le teacht le cinntiú go mairfidh sí agus go mbeidh rath agus bláth uirthi sna blianta atá romhainn”.
Bunaíodh an Pháirc Ghnó, nó Eastát Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair mar a tugadh uirthi i dtús ama, in 1966 le comóradh a dhéanamh ar leathchéad bliain Éirí Amach na Cásca.
Bhí iarthar Dhún na nGall buailte go holc ag imirce ag an am, agus bhí súil ag grúpa de lucht gnó sa cheantar go meallfadh deiseanna fostaíochta teaghlaigh óga ar ais abhaile as Albain agus Sasain.
D’oscail an chéad chomhlacht, Amblers Teoranta, a ndoirse i nGaoth Dobhair in 1968. Ag an phointe is rathúla, in 1998, bhí 1,388 duine fostaithe ar an Pháirc Ghnó, a bhformhór ag obair i gcomhlachtaí déantúsaíochta.
Dúirt Mac Giolla Easpuig “go gcinnteoidh an infheistíocht seo go mbeidh an Pháirc Ghnó ar an chaighdeán is airde chun gnóthaí nua a mhealladh agus tacaíocht a thabhairt do na 728 duine atá fostaithe ann faoi láthair”.
Tá go leor áiseanna agus seirbhísí pobail lonnaithe ar an Pháirc, ina measc stáisiún dóiteáin agus stáisiún na nGardaí, Leabharlann Pobail, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, naíonra agus naíolann agus Páirc Spraoi do Pháistí.
Cuirfear na hoibreacha ar an Pháirc Ghnó i gcrích i gceithre chéim i dtréimhse 18 mí idir 2025 agus 2027.
Deir Údarás na Gaeltachta go mbeidh an obair ag dul amach ar conradh roimh dheireadh an tsamhraidh agus táthar ag súil go mbeidh conraitheoir ceaptha roimh dheireadh na bliana.
Join the Irish Independent WhatsApp channel
Stay up to date with all the latest news